Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eaxodus 8:20

An Bíobla Naofa 1981

Ansin dúirt an Tiarna le Maois: “Éirigh go moch ar maidin agus fan le Forann agus é ag dul amach chun an uisce. Abair leis: ‘Seo mar a deir an Tiarna: Lig do mo phobal imeacht i dtreo go ndéanfaidh siad íobairt dom.

Féach an chaibidil Cóip

11 Tagairtí Cros  

Labhair sé agus tháinig saithe de chuileoga, agus de mhíolta ar fud na tíre.

Chuir sé cuileoga chucu a d'alp iad, agus froganna ina scaotha á milleadh.

Agus tháinig iníon Fhorainn anuas chun í féin a fholcadh san abhainn agus bhí a hionailtí ag spaisteoireacht ar bhruach na habhann. Chonaic sí an cléibhín i measc na n‑eileastram agus chuir sí a hionailt ag triall air.

Agus éistfidh siad le do ghlór agus ní foláir duit féin agus do sheanóirí Iosrael, dul i láthair rí na hÉigipte agus a rá leis: ‘An Tiarna, Dia Iosrael, tháinig sé ag triall orainn, agus anois lig dúinn dul aistear trí lá isteach san fhásach go ndéanfaimis íobairt don Tiarna ár nDia.’

Dúirt mé leat mo mhac a ligean chun siúil chun íobairt a dhéanamh dom. Ní toil leat é a ligean chun siúil. Maróidh mé do chéadghin! Sin é agat é!’ ”

Ansin chuaigh Maois agus Árón go Forann agus dúirt leis: “Seo mar a deir an Tiarna Dia Iosrael: ‘Lig do mo phobal imeacht go ndéanfaidh siad ceiliúradh domsa san fhásach.’ ”

“Tháinig Dia na nEabhrach an treo chugainn,” ar siad; “tabhair cead dúinn aistear trí lá a dhéanamh isteach san fhásach chun íobairt a dhéanamh don Tiarna ár nDia le heagla go dtiocfadh sé sa mhullach orainn le plá nó le faobhar claímh.”

Éirigh go Forann ar maidin agus é ag dul chun an uisce, agus fan leis ar bhruach na habhann agus tabhair leat i do láimh an tslat a ndearnadh nathair nimhe di.

Ansin labhair an Tiarna le Maois: “Imigh isteach go Forann agus abair leis mar seo: ‘Mar seo a deir an Tiarna: Lig do mo phobal imeacht i dtreo go ndéanfaidh siad íobairt dom.

Ach mura ligeann tú do mo mhuintir imeacht, cuirfidh mé saithe míoltóg ort féin agus ar do shearbhóntaí agus ar do mhuintir agus isteach i do thithe; agus líonfar tithe na nÉigipteach le saithí míoltóg, agus mar an gcéanna leis an talamh féin ar a bhfuil siad ina seasamh.

Ansin dúirt an Tiarna le Maois: “Éirigh go moch ar maidin agus téigh i láthair Fhorainn agus abair leis: ‘Seo duit teachtaireacht an Tiarna, Dia na nEabhrach: Lig do mo phobal imeacht i dtreo go ndéanfaidh siad íobairt a ofráil dom;




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí