Nuair a insíodh do rí na hÉigipte go raibh an pobal bailithe leo, tháinig malairt aigne air féin agus ar a shearbhóntaí i dtaobh an phobail. “Cad é seo atá déanta againn,” ar siad, “á rá is gur scaoileamar le hIosrael óna seirbhís dúinn?”
Agus dúirt an Tiarna le Maois: “Nuair a fhillfidh tú ar an Éigipt, féach chuige go ndéanfaidh tú os comhair Fhorainn na miorúiltí go léir a chuir mé ar do chumas; ach cruafaidh mise an croí ann i dtreo nach scaoilfidh sé leis an bpobal.
Ní éisteoidh Forann libhse; agus leagfaidh mise dá bhrí sin mo lámh ar an Éigipt agus seolfaidh mé mo shluaite, mo phobal, clann Iosrael amach as tír na hÉigipte le héachtaí breithiúnais.
Ansin dúirt an Tiarna le Maois: “Abair le hÁrón: ‘Sín amach do shlat os cionn luaithreach na talún i dtreo go ndéanfar corrmhíola de ar fud chríocha na hÉigipte go léir.’ ”
“Ligfidh mé daoibh,” arsa Forann, “dul agus íobairt a dhéanamh don Tiarna bhur nDia san fhásach, ach gan sibh a dhul i bhfad ó bhaile. Guígí ar mo shon!”
Ansin dúirt Maois: “Seo mé ar mo shlí amach uait, agus guífidh mé chun an Tiarna go n‑imeoidh na saithí míoltóg ó Fhorann agus óna shearbhóntaí agus óna phobal amárach; ach ná himríodh Forann cealg arís agus gan ligean don phobal dul agus íobairt a dhéanamh don Tiarna.”
Ansin ghlaoigh Forann ar Mhaois agus ar Árón agus dúirt: “Iarraigí ar an Tiarna na froganna a thógáil díomsa agus de mo mhuintir agus ligfidh mise don phobal dul agus íobairt a dhéanamh don Tiarna.”
agus loisceadh na daoine le teann teasa, agus mhaslaigh siad ainm Dé a bhfuil cumhacht aige ar na plánna sin, ach ní dhearna siad aithrí agus glóir a thabhairt dó.
Ghabh na ba caol díreach i dtreo Bhéit Seimis, ar feadh an bhóthair, iad ag géimneach ar an tslí gan casadh ar dheis ná ar chlé. Lean flatha na bhFilistíneach iad chomh fada le teorainneacha Bhéit Seimis.
D'fhreagair siad: “Má chuireann sibh áirc Dhia Iosrael ar shiúl, ná cuirigí ar shiúl folamh í; ní foláir daoibh ofráil chiontachta a íoc leis. Ansin leigheasfar sibh agus beidh a fhios agaibh cad chuige nach gcasfadh a lámh uaibh.”
Cad ab áil libh ag cruachan bhur gcroí, faoi mar a chruaigh na hÉigiptigh agus Forann a gcroí? Tar éis dó magadh fúthu, nár scaoileadar leis an bpobal agus nár imíodarsan?
Bíodh súil agaibh uirthi; má théann sí an bóthar suas i dtreo a dúiche féin, go Béit Seimis, ansin eisean a rinne an urchóid mhór seo dúinn; ach mura dtéann, ansin beidh a fhios againn nárbh í a lámh a luigh orainn, ach gur de thaisme a d'éirigh sé seo dúinn.”