Ghlac siad an tarbh a tugadh dóibh agus d'ullmhaíodar é agus ó mhaidin go meán lae bhí siad ag glaoch ar ainm Bhál. “A Bhál,” a ghlaodar, “tabhair freagra orainn!” Ach ní raibh guth ná freagra le cloisteáil agus iad ag damhsa go bacach thart timpeall ar an altóir a bhí déanta acu.
Chuaigh an meán lae thart agus bhí siad ag radaireacht leo nó gur tháinig tráth ofrála na habhlainne, ach guth ná freagra ná aird ar bith níor tugadh orthu.
Fuair an t‑iasc a bhí san abhainn bás agus bhréan an abhainn i dtreo nár fhéad na hÉigiptigh uisce a ól aisti; agus bhí fuil ar fud thalamh na hÉigipte go léir.
Rinne an Tiarna amhlaidh: tháinig saithí móra míoltóg isteach i dteach Fhorainn agus i dtithe a shearbhóntaí agus, i gcríocha na hÉigipte go léir, scriosadh an talamh leis na míoltóga.
Amadáin chríochnaithe iad, prionsaí Zoan; na comhairleoirí is críonna atá ag Forann, tá siad dobhránta. Conas a leomhann sibh a rá le Forann: “Dalta de chuid na saoithe is ea mise, de shliocht na seanríthe anallód”?
Óir tá fearg ar an Tiarna leis na ciníocha ar fad, tá sé i bhfíoch leis an slua acu go léir; tá siad curtha faoi gheasa a millte aige, tá siad tugtha suas aige don ár.
“An lá sin tabharfaidh mé do Ghóg ionad adhlactha in Iosrael, Gleann na nAbaraím soir ón bhfarraige. Coiscfidh sé lucht taistil de bhrí go mbeidh Góg agus a shlua uile curtha ann. Gleann Hamón Góg an t‑ainm a bheidh air.
Seolfaidh mé an tuaisceartach i bhfad uaibh; tiomáinfidh mé go dtí talamh loiscneach lom é, a thosach go dtí Muir an Oirthir agus a dheireadh go dtí Muir an Iarthair agus éireoidh bréantas agus drochbholadh uaidh mar tá éachtaí oilc déanta aige.