Agus dúirt an Tiarna le Maois: “Nuair a fhillfidh tú ar an Éigipt, féach chuige go ndéanfaidh tú os comhair Fhorainn na miorúiltí go léir a chuir mé ar do chumas; ach cruafaidh mise an croí ann i dtreo nach scaoilfidh sé leis an bpobal.
Beidh an Níl ar snámh le froganna; tiocfaidh siad suas isteach i do theach agus i do sheomra leapa agus i dtithe do shearbhóntaí agus do mhuintire, isteach i do oighinn agus i do losaidí.
Dúirt Maois le Forann: “Bíodh an chaoi seo agat chun breith amuigh orm! Nuair a ghuífidh mé ar do shonsa agus ar son do shearbhóntaí agus ar son do phobail cén uair atá le socrú agam chun na froganna a imeacht uaitse agus ó do phobal agus ó do thithe agus iad a fhagáil sa Níl amháin?”