Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eaxodus 7:7

An Bíobla Naofa 1981

Bhí Maois ceithre fichid bliain d'aois agus Árón trí bliana agus ceithre fichid nuair a labhraíodar le Forann.

Féach an chaibidil Cóip

11 Tagairtí Cros  

Deich mbliana fichead a bhí Iósaef nuair a tháinig sé i láthair Fhorainn rí na hÉigipte. Agus chuaigh Iósaef amach ó láthair Fhorainn agus ghabh ar fud críocha uile na hÉigipte.

Seachtó bliain suim ár saolré; nó ceithre fichid má fhaighimid ár sláinte. Saothar agus stró a sealsan; imíonn siad ar luas agus bíonn deireadh linn.

Le himeacht na fadaimsire sin tháinig an bás ar rí na hÉigipte; agus bhí clann Iosrael ag cneadaíl faoi chuing a ndaoirse agus scread siad ag iarraidh cabhrach agus tháinig a scread ó umar a ndaoirse i láthair Dé.

Dúirt an Tiarna le Maois agus le hÁrón:

Bhí Árón céad agus a fiche trí bliain d'aois nuair a d'éag sé ar Shliabh Hor.

“Bhí sé ag tarraingt ar an daichead nuair a bhuail an smaoineamh é dul ag fiosrú a mhuintire féin, clann Iosrael.

“Daichead bliain ina dhiaidh sin thaispeáin aingeal an Tiarna é féin dó i lasair an toir i bhfásach Shliabh Shíonái.

Threoraigh mé san fhásach sibh ar feadh daichead bliain; ní dheachaigh caitheamh ar bhur gcuid éadaigh umaibh ná dreo ar do chuaráin faoi do chosa.

“Táim céad agus a fiche bliain d'aois inniu,” ar sé; “ní féidir dom dul agus teacht mar ba mhaith liom a thuilleadh. Tá sé ráite ag an Tiarna liom: ‘Ní rachaidh tú thar an Iordáin seo.’

Bhí Maois céad agus a fiche bliain d'aois nuair a fuair sé bás; ní raibh a radharc teipthe ná a bhrí tráite.

Ansin chuir mé uaim Maois agus Árón, gur chráigh mé an Éigipt leis na héachtaí a rinne mé ina measc; agus ina dhiaidh sin thug mé sibhse amach.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí