Chuaigh Maois agus Árón dá bhrí sin go Forann agus rinneadar mar a d'ordaigh an Tiarna dóibh. Chaith Árón a shlat síos ar bhéala Fhorainn agus a shearbhóntaí agus rinneadh nathair nimhe di.
Rinne Maois agus Árón mar a d'ordaigh an Tiarna dóibh. D'ardaigh sé a shlat i bhfianaise Fhorainn agus i bhfianaise a shearbhóntaí, agus bhuail sé an t‑uisce a bhí san abhainn agus rinneadh fuil dá raibh d'uisce san abhainn.