Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eaxodus 7:21

An Bíobla Naofa 1981

Fuair an t‑iasc a bhí san abhainn bás agus bhréan an abhainn i dtreo nár fhéad na hÉigiptigh uisce a ól aisti; agus bhí fuil ar fud thalamh na hÉigipte go léir.

Féach an chaibidil Cóip

7 Tagairtí Cros  

Rinne sé fuil dá n‑uiscí i dtreo is gur mharaigh sé a n‑iasc.

Gheobhaidh na héisc san abhainn bás agus bréanfaidh an t‑uisce agus beidh an ghráin ag na hÉigiptigh ar uisce a ól aisti.’ ”

Rinne Maois agus Árón mar a d'ordaigh an Tiarna dóibh. D'ardaigh sé a shlat i bhfianaise Fhorainn agus i bhfianaise a shearbhóntaí, agus bhuail sé an t‑uisce a bhí san abhainn agus rinneadh fuil dá raibh d'uisce san abhainn.

Ach rinne draíodóirí na hÉigipte mar an gcéanna lena gcleasa draíochta; agus d'fhan croí Fhorainn crua mar a bhí agus, faoi mar a bhí ráite ag an Tiarna, ní éisteodh sé leo.

Bailíodh le chéile ina gcruacha iad agus bhí an talamh bréan acu.

Beidh na hiascairí ag mairgneach agus lucht caite duan sa Níl ag caoineadh; lucht spréite eangacha ar an uisce, beidh siad ag olagón.

Rinneadh fuil de thrian den fharraige agus fuair trian de mhíola beo na farraige bás, agus scriosadh trian na long.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí