Mar seo a deir an Tiarna: Tabharfar le fios duit ar an gcuma seo gur mise an Tiarna: leis an tslat seo i mo láimh buailfidh mé uisce na habhann agus déanfar fuil de.
Tháinig giolla Dé i láthair agus dúirt le rí Iosrael: “Mar seo a deir an Tiarna: ‘De bhrí go ndúirt Arám gur dia sléibhte é an Tiarna, agus nach dia ísleán, tabharfaidh mé an slua mór seo go léir i do láimh agus beidh a fhios [agat] gur mise an Tiarna.’ ”
Ach anois, a Thiarna, a Dhia linn, saor sinne óna láimh, impím ort, i dtreo go mbeadh a fhios ag ríochtaí uile na cruinne gur tusa amháin is Dia, a Thiarna.”
Ansin thug Forann ordú dá mhuintir go léir: “Gach gin mhic a bhéarfar do na hEabhraigh, caithigí san abhainn é; ach ligigí do na hiníonacha go léir maireachtáil.”
agus i dtreo go n‑eachtrófása do do mhac agus do mhac do mhic conas mar a bhuail mé bob ar na hÉigiptigh agus go mbeadh a fhios agaibh gur mise an Tiarna.”
Ach mura ngéillfidh siad do cheachtar den dá chomhartha, ná eisteacht le do ghlór, ní foláir duit taoscán uisce a thógáil on Níl agus é chaitheamh ar an talamh tirim; agus an t‑uisce a thógfaidh tú ón Níl, déanfar fuil de ar an talamh tirim.”
Ach dúirt Forann: “Cé hé an Tiarna seo go n‑éistfinnse lena ghlór agus Iosrael a ligean chun siúil? Táim dall ar an Tiarna agus ní ligfidh mé Iosrael chun siúil.”
Glacfaidh mé chugam féin sibh mar phobal liom agus beidh mise agaibh mar Dhia. Beidh a fhios agaibh ansin gur mise an Tiarna bhur nDia, a d'fhuascail sibh ó ualaí na nÉigipteach.
Rinne Maois agus Árón mar a d'ordaigh an Tiarna dóibh. D'ardaigh sé a shlat i bhfianaise Fhorainn agus i bhfianaise a shearbhóntaí, agus bhuail sé an t‑uisce a bhí san abhainn agus rinneadh fuil dá raibh d'uisce san abhainn.
Agus tabharfar le fios do na hÉigiptigh go léir gur mise an Tiarna nuair a shínfidh mé mo lámh in aghaidh na hÉigipte agus a thabharfaidh mé clann Iosrael amach óna measc.”
Nuair a bhánóidh mé tír na hÉigipte, nuair a fhágfar í ina fásach folamh, nuair a bhascfaidh mé a gcónaíonn inti, tuigfidh siad ansin gur mise an Tiarna.
tuigfidh siad gur mise, an Tiarna, a nDia; óir chuir mé ar díbirt iad i measc na gciníocha agus ansin bhailigh mé le chéile iad ina dtír féin, gan aon duine fágtha i measc na gciníocha a thuilleadh.
Tá sé de chumhacht acu na spéartha a iamh i dtreo nach mbeadh aon bháisteach ann le linn laethanta a bhfáidheoireachta; agus tá de chumhacht acu na huiscí a iompú ina bhfuil, agus an talamh a bhualadh le gach sórt plá a mhinice agus is mian leo.