Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eaxodus 6:9

An Bíobla Naofa 1981

Labhair Maois amhlaidh sin le clann Iosrael, ach thugadar an chluas bhodhar dó le heaspa misnigh agus le crá na daoirse.

Féach an chaibidil Cóip

9 Tagairtí Cros  

An in aghaidh an duine atáimse ag gearán? Cén fáth nach mbeadh mífhoighne orm?

agus d'fhágadar an saol go searbh acu le saothar dian i mbun moirtéil agus brící agus gach sórt saothair sna goirt; bhrúdar gach sort saothair orthu.

Nár phléamar é seo leat san Éigipt? ‘Lig dúinn,’ a dúramar, ‘seirbhís a dhéanamh do na hÉigiptigh; b'fhearr dúinn bheith ag déanamh seirbhíse do na hÉigiptigh ná bás a fháil san fhásach!’ ”

Le himeacht na fadaimsire sin tháinig an bás ar rí na hÉigipte; agus bhí clann Iosrael ag cneadaíl faoi chuing a ndaoirse agus scread siad ag iarraidh cabhrach agus tháinig a scread ó umar a ndaoirse i láthair Dé.

agus dúradar leo: “Go bhféacha an Tiarna anuas oraibh agus go dtuga sé breith oraibh mar chuir sibh olc ar Fhorann agus ar a shearbhóntaí chugainn, agus tá claíomh curtha ina láimh agaibh chun sinn a mharú.”

Ansin dúirt an Tiarna le Maois:

Cromann an t‑olc roimh an mhaith, agus déanann an t‑urchóideach amhlaidh ag geataí na bhfíréan.

Is féidir le meanma an duine breoiteacht a iompar, ach cé a d'fhéadfadh cur suas le heaspa misnigh?

D'fhágadar Sliabh Hor ar feadh bhealach Mhuir Shúf, ag gabháil timpeall chríocha Eadóm. Bhris ar an bhfoighne ag an bpobal ar an tslí.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí