Agus seolfaidh mé sibh isteach sa tír a gheall mé a thabhairt d'Abrahám, agus d'Íosác agus do Iacób; tabharfaidh mé daoibh é mar shealús. Mise an Tiarna.’ ”
Rinne an Tiarna Conradh le hAbrám an lá sin á rá: “Tabharfaidh mé do do shliocht an dúiche seo ó Abhainn na hÉigipte go dtí an Abhainn Mhór, an Eofrataes,
Fan go fóill sa tír seo agus beidh mise farat agus cuirfidh mé mo bheannacht ort. Óir is duitse agus do do shliocht a thabharfaidh mé na dúichí seo go léir, agus comhlíonfaidh mé an mionn a thug mé do bhur n‑athair Abrahám.
Agus bhí an Tiarna ansiúd ina sheasamh os a chionn agus dúirt: “Mise an Tiarna, Dia Abrahám, d'athair, agus Dia Íosác. Tabharfaidh mé duitse agus do do shliocht an talamh ar a bhfuil tú i do luí.
Thug tú arán ó neamh dóibh lena n‑ocras a shásamh. Agus thug tú na caisí uisce ón gcarraig dóibh dá dtart. D'ordaigh tú dóibh gabháil isteach, Agus seilbh a thógail ar an talamh A mhionnaigh tú a thabharfá dóibh.
Dá bhrí sin, nuair a thabharfaidh an Tiarna isteach tú i dtír na gCanánach, agus na Hiteach, agus na nAmórach, agus na Hiveach, agus na Iabúsach, an tír a mhionnaigh sé a thabharfadh sé do d'aithreacha, tír ina bhfuil bainne agus mil ina slaoda, bíodh an tseirbhís seo agat an mhí seo.
Cuimhnigh ar Abrahám, ar Íosác agus ar Iosrael, do shearbhóntaí, dár mhionnaigh tú dar thú féin agus dár gheall tú: ‘Déanfaidh mé bhur síol chomh líonmhar le réaltaí neimhe, agus an tír seo go léir a gheall mé, tabharfaidh mé do bhur sliocht é agus beidh sé ina oidhreacht acu go síoraí.’ ”
Abair dá bhrí sin le clann Iosrael: ‘Mise an Tiarna. Déanfaidh mé sibh a fhuascailt ó na hualaí a leagann na hÉigiptigh oraibh agus saorfaidh mé sibh ó dhaoirse fúthu; agus fuasclóidh mé sibh le láimh ar tinneall agus le hollbhearta breithiúnais.
Mhionnaigh mé dóibh fosta san fhásach nach dtreoróinn iad isteach sa tír a cheap mé dóibh, an tír a bhfuil bainne agus mil ina slaoda inti agus a sháraíonn tíortha an domhain;
Nuair a thug mé isteach iad sa tír a mhionnaigh mé a thabhairt dóibh, d'ofrálaidís a n‑íobairtí agus a mbronntanais bhearránacha, aon áit a bhfeicidís cnoc ard nó crann duilleach. Ansin mar an gcéanna a scaoilidís a mboladh cumhra agus a dhoirtidís a ndeochanna ofrála.
Dúirt Maois le Hobáb mac Reúael, an Midiánach, athair a chéile: “Táimid ag cur chun bóthair go dtí an tír a ndúirt an Tiarna faoi: ‘tabharfaidh mé daoibh é’. Tar linn agus déanfaimid do leas, óir gheall an Tiarna sonas do chlann Iosrael.”
An mise a ghin an mhuintir seo go léir? An mise a thug ar an saol iad a rá is go ndéarfá liom: ‘Beir leat i d'ucht iad mar a dhéanfadh buime le leanbh cíche - chun na tíre a mhionnaigh tú a thabharfá dá n‑aithreacha’?
Ní duine é Dia go n‑inseodh sé bréag, ná ní mac le hÁdhamh é go dtiocfadh ar mhalairt aigne. An dual dó ‘sea’ a rá, gan an beart a dhéanamh, a bhriathar a thabhairt, ach gan é a chomhlíonadh?
Óir is Dia trócaireach an Tiarna do Dhia; ní thréigfidh sé thú, ná thú a scrios, ná ní dhéanfaidh dearmad ar an gconradh a rinne sé le bhur n‑aithreacha faoi bhrí na mionn.
Thug mé daoibh dúiche nár shaothraigh sibh féin inti, agus cathracha nach sibh a thóg iad, bíodh go gcónaíonn sibh iontu anois; itheann sibh toradh fíonghort agus garrán ológ nár phlandaigh sibh féin.’
mhionnaigh sé dar an té a mhaireann ar feadh na síoraíochta, an té a chruthaigh na flaithis agus a bhfuil iontu, agus an talamh agus a bhfuil air, agus an fharraige agus a bhfuil inti; mhionnaigh sé: “Ní bheidh moill ann feasta,