Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eaxodus 6:25

An Bíobla Naofa 1981

Eileázár mac Árón ghabh sé iníon Phúitíél mar bhean agus rug sí Pineachás dó. Sin iad ceapa clanna na Léivíteach de réir a dteaghlach.

Féach an chaibidil Cóip

9 Tagairtí Cros  

mac Aibíosúa, mac Phíneachás, mac Eileázár, mac Árón, an t‑ardsagart -

Seo iad de réir fine na Léivítigh a claraíodh: do Ghéirseon, fine Ghéirseon; do Chohát, fine Chohát; do Mharáraí, fine Mharáraí.

Sheol Maois chun cogaidh iad míle as gach treibh agus Píneachás mac Eileázár an sagart leo ag iompar na soithí naofa agus na dtrumpaí chun an gháir a thógáil.

Sheol clann Iosrael chun na Reúbaenach, na nGádach, agus leath-threibh Mhanaise i dtír Ghileád, Píneachás sagart, mac Eileázár,

Ansin d'éag Eileázár mac Árón agus adhlacadh é i nGibeá, cathair a mhic, Píneachás, cathair a tugadh dó in ardáin Eafráim.

agus bhí Píneachás mac Eileázár, mac Árón, ag fónamh di an uair sin. D'fhiafraíodar: “Ar chóir dúinn dul chun catha arís in aghaidh ar mbráithre, clann Bhiniáimin, nó gan dul?” D'fhreagair an Tiarna: “Téigh ina gcoinne; óir tabharfaidh mé an lámh uachtair duit orthu amárach.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí