Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eaxodus 6:16

An Bíobla Naofa 1981

Seo iad ainmneacha chlann Léiví de réir a nginealach: Géirseon agus Cohát agus Maráraí. Bhí céad agus a daichead a seacht mbliana d'fhad saoil ag Léiví.

Féach an chaibidil Cóip

22 Tagairtí Cros  

Bhí céad agus ceithre fichid bliain slán ag Íosác

Clann mhac Léiví: Géirseon, Cohát agus Maráraí.

agus a chlann mhac: Hanóc agus Palú agus Heazron agus Cairmi.

Mhair Iacób seacht mbliana déag i dtír na hÉigipte; ba é fad saoil Iacóib agus blianta a ré ná céad agus daichead a seacht mbliana.

Fuair Iósaef bás agus é céad agus a deich mbliana d'aois; agus rinneadar é a bhalsamú agus a chur i gcónra san Éigipt.

Ansin roinn Dáiví iad ina ranganna de réir chlann Léiví: Géirseon, Cohát, Maráraí.

Clann mhac Léiví: Géirseom, Cohát, Maráraí.

Seo iad an mhuintir a chuir Dáiví i bhfeighil na cantaireachta i dTeampall Dháiví tar éis don áirc teacht ann go seasta.

Ansin chuaigh na Léivítigh chun oibre: Machat mac Amásai agus Ióéil mac Azairiá, de chlann Chohát; de chlann Mharáraí: Cís mac Aibdí agus Azairiá mac Iahalalael; de chlann Ghéirseon: Ióách mac Zimpeá agus Éidin mac Ióách;

Bhí duine de threibh Léiví agus phós sé bean de shliocht Leiví.

Agus seo iad clann mhac Chohát: Amrám agus Izeár, Heabrón agus Uizíéil. Bhí céad agus a tríocha trí bliana d'fhad saoil ag Cohát.

Ghabh Amrám Iócabad deirfiúr a athar mar bhean agus rug sí Árón agus Maois dó. Bhí céad agus a tríocha seacht mbliana d'fhad saoil ag Amrám.

Corach mac Izeár, mac Chohát, mac Léiví, agus Dátán agus Aibíorám mic Eilíáb agus Ón mac Pheilit - mic le Reúbaen a ba ea Eilíáb agus Peilit -

Seo iad de réir fine na Léivítigh a claraíodh: do Ghéirseon, fine Ghéirseon; do Chohát, fine Chohát; do Mharáraí, fine Mharáraí.

Seo iad ainmneacha chlann Léiví: Géirseon, Cohát agus Maráraí.

Seo iad ainmneacha shliocht Ghéirseon de réir fine: Libní agus Simí.

Clann Chohát de réir fine: Amrám agus Izeár, Heabrón agus Uizíéil.

Clann Mharáraí de réir fine: Mailí agus Múisí. Sin iad sleachta Léiví de réir a dteaghlaigh shinsireachta.

Ó Ghéirseon shíolraigh sleachta na Libníoch agus na Simíoch; sin iad sleachta Ghéirseon.

Caitheadh cranna ar son chuid finí na gCohátach. Thit trí chathair déag de chuid treibheanna Iúdá, Shimeon, agus Bhiniáimin leis na Léivítigh a chin ó chlann Árón an sagart.

Fuair clann Ghéirseon ar cranna, fine ar fhine, trí chathair déag ó threibheanna Íosácár, Áiséar, Naftáilí agus an leath de threibh Mhanaise a chuir faoi i mBáiseán.

ar dhá mhíle dhéag de threibh Shimeon, ar dhá mhíle dhéag de threibh Léiví, ar dhá mhíle dhéag de threibh Íosácár,




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí