“Isteach leat! Abair le Forann, rí na hÉigipte, a ligean do chlann Iosrael dul óna thír amach.”
Téanam mar sin agus cuirfidh mé ag triall ar Fhorann thú chun go dtabharfá mo phobal, clann Iosrael, as an Éigipt amach.”
Agus déarfaidh tú le Forann: ‘Mar seo a deir an Tiarna: Iosrael mo chéadghin.
Dúirt mé leat mo mhac a ligean chun siúil chun íobairt a dhéanamh dom. Ní toil leat é a ligean chun siúil. Maróidh mé do chéadghin! Sin é agat é!’ ”
Ansin chuaigh Maois agus Árón go Forann agus dúirt leis: “Seo mar a deir an Tiarna Dia Iosrael: ‘Lig do mo phobal imeacht go ndéanfaidh siad ceiliúradh domsa san fhásach.’ ”
Óir ó tháinig mé go Forann agus gur labhair mé leis i d'ainmse, is olc an íde atá á himirt aige ar an bpobal seo, gan tusa á bhfuascailt ar aon chor.”
Ansin dúirt an Tiarna le Maois:
dúirt sé leis mar leanas: “Mise an Tiarna. Abair le Forann, rí na hÉigipte, a bhfuil á rá agam leat.”
Dúirt an Tiarna le Maois: “Féach! déanfaidh mé dia díot d'Fhorann agus beidh Árón do dheartháir mar fháidh agat.