Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eaxodus 5:6

An Bíobla Naofa 1981

An lá ceannann céanna sin thug Forann ordú do shaoistí saothair an phobail agus do na maoir:

Féach an chaibidil Cóip

14 Tagairtí Cros  

Bhí arm seasmhach aige freisin, saighdiúirí réidh chun cogaidh, roinnte ina ndíormaí de réir áirimh Ieíéil, scríobhaí, agus Mhásaeiá, clárthóir, agus faoi cheannas Hanainiá, duine de cheannasaithe an rí.

Uime sin chuireadar saoistí saothair os a gcionn chun iad a chloí le hualaí troma; agus thógadar na cathracha Pition agus Ramasaes d'Fhorann.

Ansin dúirt an Tiarna: “Chonaic mé an cruatan atá ar mo phobal san Éigipt agus chuala mé a screadaíl de bharr a saoistí saothair; is eol dom a bpianta.

Chuaigh saoistí saothair an phobail agus na maoir amach agus dúradar leis an bpobal: “Seo mar a deir Forann: ‘Ní thabharfaidh mé tuí daoibh.

Is maith a bhí a fhios ag maoir chlann Iosrael gurbh olc an áit ina rabhadar agus é á rá leo: “Ní dhéanfaidh sibh laghdú ar bith ar líon bhur mbrící in aghaidh an lae.”

“Ná tugaigí tuí don phobal feasta chun na brící a dhéanamh, rud a dhéanadh sibh - téidís agus cruinnídís tuí dóibh féin.

Tugann an fíréan aire dá chuid stoic, ach is cruálach í trocaire an urchóidigh.

Dúirt an Tiarna le Maois: “Cruinnigh dom seachtó de sheanóirí Iosrael, daoine is eol duit is sinsir ar an bpobal agus is scríobhaithe acu. Beir leat iad go Both na Teagmhála agus seasaídís ansiúd farat.

Roghnaigh mé ar an gcuma sin daoibh ceannairí treibheanna, lucht tuisceana agus taithí, agus chuir mé i gceannas oraibh iad - ceannairí mílte, ceannairí céadta, ceannairí caogad, agus ceannairí deichniúr, agus scríobhaithe do bhur dtreibheanna.

“Ceap breithiúna agus feidhmeannaigh sna bailte go léir a bhronnann an Tiarna do Dhia ort do do threibheanna uile; tugaidís-sean a mbreith ar an bpobal de réir na ceartbhreithe.

Chuir Iósua tionól ar threibheanna uile Iosrael go Seicim, agus ghair sé chuige seanóirí agus taoisigh agus breithiúna agus feidhmeannaigh Iosrael, agus tháinig siad i láthair Dé.

Thug mé Iacób agus Éasaú d'Íosác. Thug mé sléibhte Shaeír le sealbhú d'Éasaú, ach chuaigh Iacób agus a chlann síos chun na hÉigipte.

Ansin Iosrael go léir, deoraí agus dúchasach, idir sheanóirí agus scríobhaithe agus bhreithiúna - sheas siad ar dhá thaobh na háirce os comhair na sagart Léivíteach a bhí ag iompar áirc chonradh an Tiarna; bhí leath díobh os coinne Shliabh Ghirizím agus leath os coinne Shliabh Éabál faoi mar a d'ordaigh Maois óglach an Tiarna de chéaduair do bheannú phobal Iosrael.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí