Ach dúirt Forann: “Cé hé an Tiarna seo go n‑éistfinnse lena ghlór agus Iosrael a ligean chun siúil? Táim dall ar an Tiarna agus ní ligfidh mé Iosrael chun siúil.”
Cén dia de na déithe sin go léir leis na ciníocha a chuir m'athair faoin mbang, a d'fhéad a phobal a shaoradh ó mo ghreim, á rá is go bhféadfadh bhur nDia sibhse a fhuascailt ó mo ghreim?
Ná cuireadh Hiziciá amú sibh, ná cuireadh sé dallamullóg oraibh ar an tslí seo. Ná géilligí dó! Óir níor fhéad dia aon chine ná aon ríochta a phobal a fhuascailt ó mo ghreim ná ó ghreim mo shinsear. Nach lú go mór ná sin a fhéadfaidh bhur nDia sibh a fhuascailt ó mo ghreim!’ ”
Rinne tú éachtaí agus míorúiltí in aghaidh Fhorainn, In aghaidh a shearbhóntaí go léir agus mhuintir uile a thíre; Óir bhí a fhios agat a theanntásaí a bhí siad leo. Thuill tú cáil duit féin a mhaireann fós inniu.
Do stiúrthóir an chóir. [Salm le] Dáiví. Deir an t‑amadán ina chroí: “Níl aon Dia ann.” Tá siad truaillithe: déanann siad gníomhartha gránna; níl aon duine maith ann.
Mar seo a deir an Tiarna: Tabharfar le fios duit ar an gcuma seo gur mise an Tiarna: leis an tslat seo i mo láimh buailfidh mé uisce na habhann agus déanfar fuil de.
Ar eagla go mbeinn sách agus go séanfainn thú, agus go ndéarfainn: “An Tiarna? - cé hé féin?” Nó go mbeinn bocht agus go ndéanfainn goid, agus go maslóinn ainm mo Dhé.
Nuair a bailíodh an ghlúin sin go léir chun a n‑aithreacha, tháinig glúin eile ina ndiaidh nárbh aithnid dóibh an Tiarna ná na héachtaí a rinne sé d'Iosrael.