Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eaxodus 5:17

An Bíobla Naofa 1981

“Díomhaointeas agus a thuilleadh den díomhaointeas atá oraibh,” ar sé. “Uime sin a deir sibh: ‘Téanaigí agus déanaimis íobairt don Tiarna.’

Féach an chaibidil Cóip

6 Tagairtí Cros  

“Níl aon tuí á soláthar do do shearbhóntaí, ach liútar éitear orainn: ‘Déanaigí brící!’ Agus seo anois do shearbhóntaí á sciúrsáil, ach [is ar] do mhuintir féin an locht.”

Imígí libh dá bhrí sin agus téigí i mbun bhur saothair. Ní bhfaighidh sibh tuí ar bith, ach caithfidh sibh an líon céanna brící a chur ar fáil.”

Ach an líon brící a dhéanaidís go dtí seo, bíodh sin de thasc agaibh orthu, gan aon laghdú ar bith air. Díomhaointeas atá orthu; uime sin a ghlaonn siad: ‘Téanaigí agus déanaimis íobairt chun ár nDé.’

Agus nuair a chonaic na deisceabail é bhí míchéadfa acu: “Cén fáth an diomailt seo?” ar siad;

Ná saothraigí an bia a théann amú, ach saothraigí an bia a mhaireann chun na beatha síoraí, é siúd a thabharfaidh Mac an Duine daoibh. Óir is air sin a chuir Dia an tAthair a shéala.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí