Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eaxodus 5:12

An Bíobla Naofa 1981

Amach leis an bpobal ar fud chríocha na hÉigipte ag bailiú coinlíní le haghaidh tuí.

Féach an chaibidil Cóip

9 Tagairtí Cros  

Le neart do mhórgachta, rinne tú lucht d'ionsaithe a threascairt; scaoil tú le fraoch d'fheirge agus d'alp sé iad mar choinleach.

Imígí féin agus cruinnígí tuí daoibh féin cibé áit ina mbeidh fáil agaibh uirthi. Ach ní lúide aon phioc bhur dtasc an méid sin.’ ”

Luigh na saoistí orthu á rá: “Comhlíonaigí bhur saothar, bhur dtasc lae, faoi mar nuair a bhí soláthar tuí ann daoibh.”

Beidh siad ar nós na gcoinlíní a dhónn an tine. Ní shábhálfaidh siad a mbeo ar ghreim na lasrach. Ná ní aon ghríosach í seo chun do ghoradh a dhéanamh, ní aon teallach é le suí os a chomhair.

Mar alpann na lasracha an coinleach agus mar a chailltear an cháith sa tine, is amhlaidh a bheidh a bhfréamh siúd ag dreo agus a shiabfar a bpéacán ar siúl ina dheannach, as siocair gur dhiúltaigh siad do reacht Thiarna na Slua agus gur chaith drochmheas ar bhriathar Neach Naofa Iosrael.

Ag scinneadh thar mhullaí na sléibhte dóibh déanann siad torann mar thormáil carbad nó mar chnagarnach lasracha ag ídiú coinligh nó mar arm cumhachtach faoi chóiriú catha.

Beidh teach Iacóib ina thine, agus teach Iósaef ina lasair; agus teach Éasau ina choinleach. Cuirfear trí thine iad, agus loiscfear iad, agus ní fhágfar duine de theach Éasau beo. Tá an Tiarna tar éis labhairt.”

Ídeofar iad mar sceacha aimhréiteacha, mar choinleach tirim, go hiomlán.

Cibé duine a dhéanfaidh tógáil ar an mbunsraith sin, úsáideadh sé ór, airgead nó clocha lómhara, adhmad, féar nó tuí,




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí