Ansin chuaigh Maois agus Árón go Forann agus dúirt leis: “Seo mar a deir an Tiarna Dia Iosrael: ‘Lig do mo phobal imeacht go ndéanfaidh siad ceiliúradh domsa san fhásach.’ ”
Dúirt Acháb le hÉilias: “Tá beirthe amuigh agat orm mar sin, a namhaid.” D'fhreagair Éilias: “Sea, tá beirthe agam ort, toisc gur reic tú thú féin, leis an olc i súile an Tiarna a dhéanamh.
Chuaigh Maois agus Árón dá bhrí sin isteach go Forann agus dúradar leis: “Seo mar a deir an Tiarna, Dia na nEabhrach: ‘An fada eile a dhiúltóidh tú géilleadh dom? Lig do mo phobal imeacht agus íobairt a dhéanamh dom.
“Tabharfaimid linn ár n‑óga agus ár liatha,” arsa Maois. “Tabharfaimid linn ár gclann mhac agus iníonacha, ár dtréada agus ar dtáinte, mar sí féile an Tiarna againn í.”
Agus éistfidh siad le do ghlór agus ní foláir duit féin agus do sheanóirí Iosrael, dul i láthair rí na hÉigipte agus a rá leis: ‘An Tiarna, Dia Iosrael, tháinig sé ag triall orainn, agus anois lig dúinn dul aistear trí lá isteach san fhásach go ndéanfaimis íobairt don Tiarna ár nDia.’
Uime sin, má fuair mé fabhar i do láthair, nocht dom do bhealaí d'fhonn go dtuigfinn thú agus go dtuillfinn do ghnaoi. Cuimhnigh air chomh maith, gurab é an cine seo do phobal féin.”
Abair leis mar seo: ‘Sheol an Tiarna, Dia na nEabhrach, mise chugat á rá: Lig do mo phobal imeacht go ndéanfaidh siad íobairt dom san fhásach; féach, níor thug tú aon toradh orm fós.
Ansin labhair an Tiarna le Maois: “Imigh isteach go Forann agus abair leis mar seo: ‘Mar seo a deir an Tiarna: Lig do mo phobal imeacht i dtreo go ndéanfaidh siad íobairt dom.
Ansin dúirt an Tiarna le Maois: “Abair le hÁrón: ‘Sín amach do shlat os cionn luaithreach na talún i dtreo go ndéanfar corrmhíola de ar fud chríocha na hÉigipte go léir.’ ”
Rinneadar amhlaidh: shín Árón amach a lámh leis an tslait agus bhuail luaithreach na talún agus luigh corrmhíola ar an duine agus ar an mbeithíoch; rinneadh corrmhíola de luaithreach uile na talún ar fud chríocha na hÉigipte go léir.
Ansin dúirt an Tiarna le Maois: “Éirigh go moch ar maidin agus fan le Forann agus é ag dul amach chun an uisce. Abair leis: ‘Seo mar a deir an Tiarna: Lig do mo phobal imeacht i dtreo go ndéanfaidh siad íobairt dom.
Ansin dúirt an Tiarna le Maois: “Imigh isteach go Forann agus abair leis: ‘Mar seo a deir an Tiarna, Dia na nEabhrach: Lig do mo phobal imeacht i dtreo go ndéanfaidh siad íobairt dom.
Ullmhóidh Tiarna na Slua ar an sliabh seo le haghaidh na gciníocha go léir cóisir saille, cóisir do rogha na bhfíonta, de smior na saille, de thogha agus de rogha na bhfíonta;
Ná bíodh eagla ortsa rompu, a mhic an duine; ná bíodh eagla ort nuair a deir siad: ‘Tá dealga thart ort agus scairpeanna fút.’ Ná bíodh eagla ort roimh a mbriathra ná eagla roimh a ndrochshúil, mar is ceannairceach an dream iad.
“Ná bíodh eagla oraibh rompu seo a mharaíonn an corp ach nach féidir dóibh an t‑anam a mharú: ní hea, ach bíodh eagla oraibh roimh an té ar féidir dó idir chorp agus anam a mhilleadh in ifreann.
Déanaimis an fhéile a cheiliúradh dá bhrí sin, agus ní leis an tseanghabháile é, le gabháile an oilc agus na hurchóide, ach le slimarán an ionracais agus na fírinne.