Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eaxodus 40:36

An Bíobla Naofa 1981

Gach céim dá n‑aistear, aon uair a ardaítí an néal ón taibearnacal, chuireadh clann Iosrael chun siúil arís.

Féach an chaibidil Cóip

11 Tagairtí Cros  

Le barr trócaire ní dhearna tú iad a thréigean san fhásach; An colún néil a threoraigh iad sa lá Níor fhág sé iad, Ná an colún tine san oíche, Leis an mbealach a bhí rompu a shoilsiú dóibh.

Leath sé néal ina dtimpeall á gclúdach, agus tine a thug solas dóibh san oíche.

Threoraigh sé le néal iad de lá agus le tine i gcaitheamh na hoíche.

Nuair a d'ardaíodh an néal ón mboth, chuireadh clann Iosrael chun siúil; cibé áit ina luíodh an néal, ansiúd a shuíodh clann Iosrael a gcampa.

Ar uaire luíodh sé ar feadh dhá lá, nó mí, nó níos faide; dá fhad a d'fhanadh an néal os cionn an taibearnacail, d'fhanadh clann Iosrael sa champa san áit chéanna agus nuair a d'ardaíodh sé chuiridís chun siúil.

Ní háil liom nach mbeadh a fhios agaibh, a bhráithre, go raibh ár sinsir uile faoi scáth an scamaill agus go ndeachaigh siad uile tríd an muir,




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí