Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eaxodus 40:34

An Bíobla Naofa 1981

Chlúdaigh an néal Both na Teagmhála, agus líon glóir an Tiarna an taibearnaca.

Féach an chaibidil Cóip

28 Tagairtí Cros  

Níor fhan mé i dteach riamh ón lá a thug mé clann Iosrael amach as an Éigipt go dtí an lá inniu, ach chaith mé saol an tseachránaí agus mé i mo chónaí i mboth.

Iad siúd a sheinn an stoc agus a chan, mholadar agus mhóradar an Tiarna d'aonghuth. Thógadar a nglór i gcomhcheol leis an stoc agus leis an gciombal agus leis na gléasanna ceoil agus mholadar an Tiarna: “Óir is maith é, agus maireann a bhuanghrá de shior,” líon néal an sanctóir, is é sin, Teampall an Tiarna.

Níor fhéad na sagairt dul isteach i dteach an Tiarna óir líon glóir an Tiarna teach an Tiarna.

Thug mé taitneamh, a Thiarna, do d'áras, don áit a gcónaíonn do ghlóir.

Le ham faire na maidine, d'fhéach an Tiarna anuas ar shluaite na hÉigipteach ón gcolún tine agus néil agus rinne sé cíor thuathail de shluaite na nÉigipteach.

Agus Árón ag labhairt le comhthionól chlann Iosrael go léir, d'fhéachadar i dtreo an fhásaigh, agus féach, thaispeáin glóir an Tiarna í féin sa néal.

Agus déanaidís sanctóir dom go lonnaí mé ina measc.

“Teagmhóidh mé le clann Iosrael ar an láthair sin agus beidh sí coisricthe ag mo ghlóir.

Nuair a théadh Maois isteach sa Bhoth, thagadh an colún néil anuas agus sheasadh ag doras na Botha, agus labhraíodh an Tiarna le Maois.

Óir is mar seo a deir an Té is airde, a bhfuil a chónaí sa tsíoraíocht agus a bhfuil a ainm naofa: “Tá cónaí orm in áras atá ard agus naofa, agus fós i bhfochair an té atá brúite uiríseal ó spiorad, chun misneach a mhúscailt arís i spiorad na n‑uirísle, chun misneach a chur ar ais sna croíthe brúite.

Bhí bacáin na tairsí ar crith le glór an té a bhí ag scairteadh agus bhí an Teampall á líonadh le deatach.

D'éirigh glóir an Tiarna ó na ceiribíní go tairseach an tí; bhí an teach líonta leis an néal agus an chúirt lán de ghile ghlóir an Tiarna.

labhair an Tiarna le Maois agus dúirt: “Abair le do dheartháir Árón gan teacht isteach, nuair a bhuaileann an fonn é, thar fial sa sanctóir i bhfianaise chathaoir na trócaire os cionn na háirce; ba bhaol báis dó é, óir taispeánaim mé féin i néal ar chathaoir na trócaire.

Suaithfidh mé na ciníocha uile agus tiocfaidh stórtha na náisiún go léir isteach chugaibh agus líonfaidh mé an Teampall seo le glóir, a deir Tiarna na Slua!

Sáróidh glóir nua an Teampaill seo an chéadghlóir a bhí aige, a deir Tiarna na Slua, agus is san áit seo a dháilfidh mé oraibh an tsíocháin, a deir Tiarna na Slua.’ ”

Nuair a chuaigh Maois isteach i mBoth na Teagmhála chun labhairt leis, chuala sé an guth a labhair leis ó lastuas de chathaoir na trócaire a bhí ar áirc na Fianaise ó idir an dá cheiribín. Ansin is ea a labhair sé leis.

Iosraelaigh is ea iad; is leosan bheith ina gclann Dé; is leo an ghlóir, na conarthaí, an reacht, an liotúirge agus na gealltanais;

Agus líonadh an teampall den deatach ó ghlóir Dé agus óna chumhacht; níorbh fhéidir d'aon duine dul isteach sa teampall nó gur tugadh seacht bplá na seacht n‑aingeal chun críche.

Agus chuala mé guth tréan ón ríchathaoir á rá: “Féach, tá áitreabh Dé fara daoine, agus cónóidh sé ina measc, agus beidh siad ina bpobal aige, agus beidh Dia féin faru.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí