le go nífeadh Árón agus a chlann mhac a lámha agus a gcosa leis;
Ním mo lámha san ionracas, a Thiarna, agus gabhaim mórthimpeall d'altóra.
Leag sé an t‑umar idir Both na Teagmhala agus an altóir, agus líon é le huisce ionlaithe,
nuair a théidís isteach i mBoth na Teagmhála, nó nuair a théidís i gcóngar na haltóra, nídís iad féin, faoi mar a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois.
Dúirt Íosa leis: “Duine tar éis a fholctha, ní gá dó a ní [ach a chosa]; tá sé glan go hiomlán. Agus tá sibhse glan, ach níl gach duine agaibh glan.”
Más sa solas, áfach, a shiúlaimid, faoi mar atá seisean sa solas, tá páirt againn lena chéile, agus glanann fuil Íosa Críost a Mhac ón uile pheaca sinn.
Má admhaímid ár bpeacaí, tá seisean dílis cóir agus maithfidh sé dúinn ár bpeacaí agus glanfaidh sinn ón uile olc.