Ansiúd a bhuailfidh mé leat agus ó lastuas de chathaoir na trócaire, ó idir an dá cheiribín ar áirc na Fianaise, labhróidh mé leat agus tabharfaidh mé duit m'aitheanta uile do chlann Iosrael. ”
Críochnaíodh ar an gcuma sin obair uile an taibearnacail agus Bhoth na Teagmhála; bhí gach ní déanta ag clann Iosrael; díreach mar a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois is ea a rinneadar.
Ansin tógadh sé cuid d'fhuil an tairbh agus croitheadh sé í lena mhéar ar thosach chathaoir na trócaire; ní foláir dó an fhuil seo a chroitheadh seacht n‑uaire lena mhéar os comhair chathaoir na trócaire.
Ansin osclaíodh teampall Dé ar neamh, agus bhí radharc ar áirc a chonartha ina theampall agus tharla tintreacha, agus glórtha agus toirneacha, agus crith talún agus a lán clocha sneachta.