Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eaxodus 40:24

An Bíobla Naofa 1981

Chuir sé an coinnleoir i mBoth na Teagmhála, os comhair an bhoird ar an taobh theas den taibearnacal,

Féach an chaibidil Cóip

13 Tagairtí Cros  

Is lóchrann do mo chosa do bhriathar; is solas do mo chosán é.

Cuirfidh tú an bord taobh amuigh den fhial, agus an coinnleoir ar an taobh theas den taibearnacal, os comhair an bhoird sall. Cuirfidh tú an bord ar an taobh thuaidh.

agus leag an t‑arán air, cóirithe i láthair an Tiarna, faoi mar a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois.

agus chóirigh na lampaí i láthair an Tiarna mar a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois.

Tabhair an bord isteach; cóirigh a bhfuil le heagrú air, agus tabhair isteach an coinnleoir agus cóirigh a lampaí.

Bhí an Briathar ann i dtús báire agus bhí an Briathar in éineacht le Dia, agus ba Dhia an Briathar.

Agus tá an solas ag taitneamh sa dorchadas, ach níor ghabh an dorchadas é.

An solas fírinneach a shoilsíonn gach aon duine, bhí sé ag teacht ar an saol.

Labhair Íosa leo arís más ea: “Is mise,” ar sé, “solas an tsaoil. An té a leanfaidh mise, ní shiúlfaidh sé sa dorchacht, ach beidh aige solas na beatha.”

Maidir le rúndiamhair na seacht réalta a chonaic tú ar mo dheasláimh, agus na seacht gcoinnleoirí óir, is iad na seacht réalta aingil na seacht n‑eaglaisí, agus is iad na seacht gcoinnleoirí na seacht n‑eaglaisí.

Cuimhnigh, más ea, ar cad as ar thit tú, agus déan aithrí agus déan na hoibreacha a rinne tú ar dtús. Mura ndéana tú, tiocfaidh mé chugat agus tógfaidh mé do choinnleoir óna ionad, mura ndéana tú aithrí.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí