“Déanfaidh tú an taibearnacal féin de dheich mbrat de línéadach cas mín, agus d'ábhar gorm agus corcra agus craorag, agus ceiribíní fuaite le barr slachta ar an ábhar á dhéanamh.
Beidh Árón is a chlann mhac ina fheighil ó nóin go maidin gan stad, i láthair an Tiarna i dTaibearnacal na Teagmhála taobh amuigh den fhial atá os comhair na Fianaise. Beidh sin ina reacht le coimeád ó ghlúin go glúin ag clann Iosrael.”
Sa chúigiú bliain is fiche dár mbraighdeanas, ag tús na bliana, ar an deichiú lá den mhí, ceithre bliana déag tar éis scrios na cathrach, bhí lámh an Tiarna orm.
Labhair an Tiarna le Maois i bhfásach Shíonái, i mBoth na Teagmhála, ar an gcéad lá den dara mí sa dara bliain tar éis dóibh teacht amach as tír na hÉigipte agus dúirt:
An lá a bhí deireadh ag Maois ag cur an taibearnacail suas, rinne sé é a ungadh agus a choisreacan agus a throscán go léir chomh maith, mar aon leis an altóir agus a gréithe. Nuair a bhí sé go léir ungtha agus coisricthe aige
An lá a cuireadh suas an taibearnacal, chlúdaigh an néal an taibearnacal agus both na Fianaise. Ó thráthnona go maidin luigh sé ar an taibearnacal faoi chló tine.