Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eaxodus 40:18

An Bíobla Naofa 1981

Maois a thóg an taibearnacal, a leag a cheapa, a chuir suas a fhrámaí, agus a d'ardaigh a phollaí.

Féach an chaibidil Cóip

15 Tagairtí Cros  

Níor fhan mé i dteach riamh ón lá a thug mé clann Iosrael amach as an Éigipt go dtí an lá inniu, ach chaith mé saol an tseachránaí agus mé i mo chónaí i mboth.

An chéad mhí den dara bliain, an chéad lá den mhí sin, cuireadh suas an taibearnacal,

Leath sé an bhoth ar an taibearnacal, agus ar a bharrsan díon na botha mar a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois.

“Ar an gcéad lá den chéad mhí,” ar sé, “déanfaidh tú taibearnacal Bhoth na Teagmhála a thógáil.

Níl áitreabhach a déarfaidh choíche arís: “Tá mé breoite”; an pobal a lonnóidh ann, maithfear dóibh a gcionta go léir.

Cuirfidh mé suas mo bhoth in bhur measc, agus ní bheidh an ghráin agam oraibh.

Agus deirimse leatsa gur tú Peadar agus is ar an gcarraig seo a thógfaidh mé m'eaglais, agus ní bhuafaidh geataí ifrinn uirthi.

Agus rinneadh feoil den Bhriathar agus chónaigh sé inár measc, agus chonacamar-na a ghlóir, a ghlóir mar Aonghin ón Athair, lán de ghrásta agus d'fhírinne.

Ach nuair a tháinig iomláine na haimsire, sheol Dia uaidh a mhac, a rugadh ó bhean agus é faoi smacht an dlí,

i dtreo, má chuirtear moill féin orm, go mbeidh a fhios agat conas is cóir duit tú féin a iompar i dteaghlach Dé, is é sin le rá, in Eaglais Dé bheo - an Eaglais atá ina cranntaca agus ina bunsraith don fhírinne.

Tá sibh anois do bhur gcumhdach tríd an gcreideamh ag Dia na bhfeart, le haghaidh an tslánaithe atá réidh lena fhoilsiú ag deireadh ré.

Agus chuala mé guth tréan ón ríchathaoir á rá: “Féach, tá áitreabh Dé fara daoine, agus cónóidh sé ina measc, agus beidh siad ina bpobal aige, agus beidh Dia féin faru.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí