agus déan iad a ungadh dála a n‑athar, d'fhonn go ndéanfaidís fónamh dom mar shagairt. An t‑ungadh seo a dhéanfaidh tú orthu, bronnfaidh sé sagartacht shíoraí orthu ó ghlúin go glúin.”
Ansin rug Maois leis clann mhac Árón, chuir ionair orthu, chuir criosanna faoina gcoim, agus boinéid ar a gceann de réir mar d'ordaigh an Tiarna do Mhaois.
Tar éis an t‑ionathar agus na cosa a ní le huisce, loisc Maois an reithe go léir ar an altóir, mar íobairt uileloiscthe, a bhí ina boladh cumhra a thaitin leis an Tiarna; ba íobairt dhóite don Tiarna í de réir mar a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois.
Chuir sé an cheannbheart ar a cheann agus shocraigh an lann óir uirthi chun tosaigh; í sin an choróin bheannaithe de réir mar a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois.
Ar uaire luíodh sé ar feadh dhá lá, nó mí, nó níos faide; dá fhad a d'fhanadh an néal os cionn an taibearnacail, d'fhanadh clann Iosrael sa champa san áit chéanna agus nuair a d'ardaíodh sé chuiridís chun siúil.
“Anois, más ea, a Iosrael, tabhair aird ar na dlíthe agus na reachtanna a mhúinim daoibh; comhlíonaigí iad i dtreo go mairfeadh sibh agus go rachadh sibh isteach agus seilbh a ghlacadh ar an bhfearann atá an Tiarna, Dia bhur n‑aithreacha, á thabhairt daoibh.