Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eaxodus 40:14

An Bíobla Naofa 1981

Beir a mhic isteach chomh maith agus cuir ionair umpu,

Féach an chaibidil Cóip

11 Tagairtí Cros  

Ansin tabharfaidh tú leat a mhaca agus cuirfidh tú ionair orthu

agus cuir na héidí naofa ar Árón agus déan é a ungadh agus a choisreacan le fónamh dom mar shagart.

agus déan iad a ungadh dála a n‑athar, d'fhonn go ndéanfaidís fónamh dom mar shagairt. An t‑ungadh seo a dhéanfaidh tú orthu, bronnfaidh sé sagartacht shíoraí orthu ó ghlúin go glúin.”

“Gáirim le gairdeas sa Tiarna, tá lúcháir ar m'anam i mo Dhia. Óir chuir sé an slánú umam ina éadach, rinne sé mé a chuachadh i mbrat na fíréantachta, ar nós buachaill óg ag cur bláthfhleasc air chun a phósta nó brídeach á maisiú féin lena seoda.

Ansin rug Maois leis clann mhac Árón, chuir ionair orthu, chuir criosanna faoina gcoim, agus boinéid ar a gceann de réir mar d'ordaigh an Tiarna do Mhaois.

Óir ghlacamar uile as a lánmhaireacht, sea, grásta ar ghrásta.

Agus cuirigí oraibh an Tiarna Íosa Críost mar éide agus ná bígí ag déanamh cúraim den cholainn d'fhonn a hainmhianta a shásamh.

Agus na daoine a bhí ceaptha ó thus aige is iad sin a ghlaoigh sé; agus na daoine a bhí glaoite aige is iad sin a d'fhíréanaigh sé, agus na daoine a bhí fíréanaithe aige, is iad sin a ghlóirigh sé.

Eisean a bheir daoibhse bheith in Íosa Críost an té a ndearna Dia eagna de dúinne, agus fíréantacht agus naofacht agus fuascailt.

Tá Dia dílis agus is é a ghlaoigh oraibh chun bheith rannpháirteach lena Mhac, ár dTiarna Íosa Críost.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí