Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eaxodus 4:31

An Bíobla Naofa 1981

Chreid an pobal agus bhí lúcháir orthu mar gur thug an Tiarna cuairt ar chlann Iosrael agus go bhfaca sé a gcruachás, agus chromadar a gceann agus rinneadar adhradh.

Féach an chaibidil Cóip

27 Tagairtí Cros  

Shléacht Abrám go talamh, agus dúirt Dia leis:

Shléacht an fear ansin agus d'adhair sé an Tiarna

Ghabh Léá gin agus rug sí mac agus thug sí Reúbaen mar ainm air, “Mar,” a dúirt sí, “d'fhéach an Tiarna ar mo léan, agus beidh grá ag m'fhear dom anois.”

Faoi dheireadh dúirt Iósaef lena dheartháireacha: “Táim i mbéal báis. Ach tiocfaidh Dia ag triall oraibh agus tabharfaidh sé suas sibh ón tír seo go dtí an tír a gheall sé faoi bhrí na mionn d'Abrahám, do Íosác, agus do Iacób.”

Dúirt Dáiví ansin leis an gcomhthionól go léir: “Molaigí an Tiarna bhur nDia!” Agus mhol an comhthionól go léir an Tiarna, Dia a sinsear, agus chuaigh siad ar a nglúine le hómós a thabhairt don Tiarna agus don rí.

Ansin chrom Iahóiseáfát a cheann agus a aghaidh chun talún agus chaith Iúdá go léir agus áitritheoirí Iarúsailéim iad féin ar a mbéala in ómós don Tiarna.

Níl leis siúd ach lámh feola, ach tá an Tiarna ár nDia linne, le cabhair a thabhairt dúinn agus lenár gcathanna a throid.” Thug focail Hiziciá rí Iúdá misneach don phobal.

Nuair a chonaic clann Iosrael go léir an tine ag teacht anuas agus glóir an Tiarna ina luí ar an Teampall, chrom siad síos chun an urláir ar a mbéala agus ar a bhfiacla ar an bpábháil; thug siad adhradh agus moladh don Tiarna: “Óir is maith é, agus maireann a bhuanghrá de shíor.”

Ansin thug Eazrá moladh don Tiarna, Dia mór, agus d'ardaigh an pobal go léir a lámha agus d'fhreagair siad: “Amen! Amen!” agus chrom siad síos agus shléacht siad go talamh roimh an Tiarna.

D'éirigh Iób ansin agus stróic a fhallaing agus bhearr a bhaithis, agus thit ar an talamh agus d'umhlaigh sé é féin síos

déarfaidh sibh: ‘Is é íobairt Chásca an Tiarna é mar ghabh sé thar thithe chlann Iosrael san Éigipt, nuair a mharaigh sé na hÉigiptigh ach gur chaomhnaigh sé ár dtithe.’ ” Agus chrom na daoine a gceann agus rinneadar ómós.

Chonaic Iosrael an t‑éacht groí a rinne an Tiarna ar na hÉigiptigh agus thugadar ómós don Tiarna; chreideadar sa Tiarna agus i Maois a shearbhónta.

Agus d'fhreagair an pobal go léir d'aonghuth: “A bhfuil ráite ag an Tiarna, comhlíonfaimid.” Agus thug Maois freagra an phobail ar ais chun an Tiarna.

Agus dúirt an Tiarna le Maois: “Féach, táim ag dul síos chugat i scamall tiubh i dtreo go gcloisfeadh an pobal mé ag labhairt leat agus go mbeadh iontaoibh acu asat go deo” (agus thug Maois freagra an phobail ar ais chun an Tiarna).

D'fhéach Dia ar chlann Iosrael agus ba eol dó [a gcruachás].

“Imigh agus cruinnigh seanóirí chlann Iosrael le chéile agus abair leo: ‘An Tiarna, Dia bhur n‑aithreacha, Dia Abrahám, Dia Íosác, Dia Iacóib, thaispeáin sé é féin dom, agus dúirt sé liom: Tháinig mé ar cuairt chugaibh agus chonaic mé a ndearnadh libh san Éigipt;

Agus éistfidh siad le do ghlór agus ní foláir duit féin agus do sheanóirí Iosrael, dul i láthair rí na hÉigipte agus a rá leis: ‘An Tiarna, Dia Iosrael, tháinig sé ag triall orainn, agus anois lig dúinn dul aistear trí lá isteach san fhásach go ndéanfaimis íobairt don Tiarna ár nDia.’

Ansin dúirt an Tiarna: “Chonaic mé an cruatan atá ar mo phobal san Éigipt agus chuala mé a screadaíl de bharr a saoistí saothair; is eol dom a bpianta.

Nuair a d'fheiceadh an pobal an colún néil ina sheasamh ag doras na Botha, d'éiridís ina seasamh agus shléachtaidís go talamh, gach fear ag béal a bhotha féin.

Shléacht Maois go talamh gan mhoill ag adhradh

agus chuir sé a lámh amach agus rug uirthi agus rinneadh slat arís di ina láimh - “i dtreo go gcreidfidís go ndearna an Tiarna, Dia a n‑aithreacha, Dia Abrahám, Dia Íosác, Dia Iacóib, é féin a thaispeáint duit.”

Agus beidh cósta na farraige ag fuílleach theaghlach Iúdá; san áit sin cuirfidh siad a dtréada ar féarach; rachaidh siad chun suain um thráthnóna i dtithe Aiscileon, Óir, déanfaidh an Tiarna, a nDia, cúram díobh agus rathóidh sé iad arís.

“Moladh don Tiarna, Dia Iosrael, óir rinne sé a phobal a fhiosrú agus a fhuascailt;

Iad siúd ar an gcarraig, sin iad na daoine a ghlacann an briathar le háthas nuair a chluineann siad é; ach ní bhíonn fréamh acu; creideann siad ar feadh tamaill, ach in am na trialach meathann siad.

Chuir sí féin agus baintreacha a mac faoi réir ansin le filleadh as tír Mhóáb óir d'airigh sí i dtír Mhóáb gur tháinig an Tiarna i gcabhair ar a mhuintir agus gur thug bia dóibh.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí