Ansin dúirt Maois: “Ach abair nach gcreidfidh siad mé agus nach n‑éistfidh siad le mo ghlór, agus go ndéarfaidh siad: ‘Níor thaispeáin an Tiarna é féin duit’?”
Agus thug sé comhartha san am céanna: “Seo é an comhartha,” ar sé, “gur labhair an Tiarna: ‘Pléascfaidh an altóir seo agus scaipfear an luaithreach atá uirthi.’ ”
“Agus cé a cheap thusa,” ar seisean leis, “i do thaoiseach agus i do bhreitheamh orainne? An mé a mharú a ba áil leat, mar a mharaigh tú an tÉigipteach?” Tháinig scanradh ar Mhaois: “Ní foláir,” ar sé leis féin, “nó go bhfuil an scéal úd amuigh orm.”
Agus dúirt Dia arís le Maois: “Seo mar a déarfaidh tú le clann Iosrael: ‘An Tiarna, Dia bhur n‑aithreacha, Dia Abrahám, Dia Íosác, Dia Iacóib, is é a chuir chugaibh mé.’ Sin é m'ainm ar feadh na síoraíochta agus sin mar a bheidh m'ainm á ghlaoch ó ghlúin go glúin. ”
“Imigh agus cruinnigh seanóirí chlann Iosrael le chéile agus abair leo: ‘An Tiarna, Dia bhur n‑aithreacha, Dia Abrahám, Dia Íosác, Dia Iacóib, thaispeáin sé é féin dom, agus dúirt sé liom: Tháinig mé ar cuairt chugaibh agus chonaic mé a ndearnadh libh san Éigipt;
Agus éistfidh siad le do ghlór agus ní foláir duit féin agus do sheanóirí Iosrael, dul i láthair rí na hÉigipte agus a rá leis: ‘An Tiarna, Dia Iosrael, tháinig sé ag triall orainn, agus anois lig dúinn dul aistear trí lá isteach san fhásach go ndéanfaimis íobairt don Tiarna ár nDia.’
“Ach, a Thiarna liom,” arsa Maois leis an Tiarna, “ní duine dea-labhartha mé aon lá de mo shaol go dtí seo, ná ó labhair tú le do sheirbhíseach; is mall mo chaint agus is righin mo theanga.”
Chreid an pobal agus bhí lúcháir orthu mar gur thug an Tiarna cuairt ar chlann Iosrael agus go bhfaca sé a gcruachás, agus chromadar a gceann agus rinneadar adhradh.