Ach thug mé freagra orthu: “Cuirfidh Dia neimhe agus talún an rath orainn! Táimidne, a shearbhóntaí, ag dul i mbun tógála; níl cuid ná ceart ná seoid chuimhne agaibhse in Iarúsailéim.”
Agus cuirfidh tú an dá chloch ar dhá ghuailleán an éafód mar chlocha cuimhne chlann Iosrael, agus déanfaidh Árón a n‑ainmneacha a iompar ar a ghuaillí mar chuimhne i láthair an Tiarna.
Ar an gcuma sin iompróidh Árón ainmneacha chlann mhac Iosrael i lúireach an bhreithiúnais ar a chroí nuair a rachaidh sé isteach san áit naofa, d'fhonn iad a thabhairt chun cuimhne de shíor i láthair an Tiarna.
Deirim libh go fírinneach, cibé áit ina gcraobhscaoilfear an soiscéal seo ar fud an domhain go léir, déanfar trácht ar a ndearna sise freisin mar chuimhneamh uirthi.”
déarfaidh sibhse leo: ‘Dheighil uiscí na Iordáine ó chéile roimh áirc chonradh an Tiarna, agus nuair a ghabh sí thar Iordáin d'imigh uiscí na habhann ar ceal. Is cuimhneachán síoraí ag clann Iosrael air sin na clocha seo.’ ”