Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eaxodus 39:6

An Bíobla Naofa 1981

Dhearadar clocha oinisce agus luíodar iad i leapacha de fhiolagráin óir agus ghreanadar orthu, mar a dhéanfaí ar shéala, ainmneacha chlann Iosrael.

Féach an chaibidil Cóip

8 Tagairtí Cros  

Ní féidir luach a chur uirthi de réir ór Óifír, Ná de réir oinisce ná saifíre lómhaire.

agus clocha oinisce agus geamaí le cur san éafód agus sa lúireach.

Faoi mar a dhéanann seodóir séala a ghreanadh, sin mar a dhéanfaidh tú an dá chloch a ghreanadh le hainmneacha chlann Iosrael, agus iad a leagan i gcumhdach fiolagráin óir.

Agus cuirfidh tú an dá chloch ar dhá ghuailleán an éafód mar chlocha cuimhne chlann Iosrael, agus déanfaidh Árón a n‑ainmneacha a iompar ar a ghuaillí mar chuimhne i láthair an Tiarna.

Glacfaidh tú chugat dhá chloch oinisce agus déanfaidh tú ainmneacha chlann Iosrael a ghreanadh orthu;

clocha oinisce agus clocha lómhara le luí san éafód agus sa lúireach.

An crios fite a bhí air á choimeád bhí sé den ábhar céanna agus den déantús céanna, d'ór, d'ábhar gorm agus corcra agus craorag agus de línéadach cas mín, mar a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois.

bhí tú in Éidin, i ngairdín Dé. Bhí gach sort seoide i ndéantús do chloca, sard, tópas, diamant, criosailít, beiril, oinisc, saifír, carmhogal, smaragaid; ba as ór a rinneadh do thiompáin agus do phíbeanna. Gléasadh an t‑iomlán an lá ar cruthaíodh thú.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí