Caithfear an lúireach a cheangal don éafód le lása gorm trína bhfáinní araon, i dtreo go luífidh sí ar chrios fite an éafód agus nach scarfadh an lúireach ón éafód.
Rinne siad éidí slachtmhara do sheirbhís an tsanctóra den ábhar gorm agus corcra agus craorag [agus den línéadach cas mín]. Rinneadar na héidí naofa do Árón mar a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois.
na brait don fhaiche, a pollaí agus a ceapa, an scáthlán do gheata na faiche, a shlabhraí agus a phionnaí; agus na gréithe go léir don tseirbhís sa taibearnacal, do Bhoth na Teagmhála;