na brait don fhaiche, a pollaí agus a ceapa, an scáthlán do gheata na faiche, a shlabhraí agus a phionnaí; agus na gréithe go léir don tseirbhís sa taibearnacal, do Bhoth na Teagmhála;
an altóir chré-umha lena gráta de chré-umha, a cuaillí agus a gréithe go léir; an t‑umar agus a bhonn;
na heidí dea-dhéanta don tseirbhís san áit naofa, na héidí naofa d'Árón an sagart agus na héidí dá mhic le fónamh mar shagairt.
Cuir méid le hurlár do phubaill, sín amach bratacha d'áit chónaithe, scaoil amach iad; cuir fad le do chordaí agus téagar i do sháiteáin!