an altóir óir, an criosma, an túis chumhra, agus an scáthlán do dhoras na botha;
Teach mór a bheidh sa teach atáim a thógáil, mar is mó ár nDia ná na déithe go léir.
agus ola do na lampaí, spíosraí don chriosma agus don túis dhea-bholaidh,
“Déanfaidh tú altóir chun túis a loscadh uirthi; d'adhmad sitím a dhéanfaidh tú í.
Lean an Tiarna air agus dúirt le Maois:
Déanfaidh tú í a chumhdach d'ór fíre - a barr, a cliatháin timpeall, agus a beanna, agus í a mhaisiú le múnláil óir mórthimpeall uirthi.
Loiscfidh Árón túis chumhra uirthi gach maidin; nuair a bheidh na lampaí a gcóiriú aige is ea a loiscfidh.
agus an criosma agus an túis chumhra don áit naofa. Déanfaidh siad gach ar ordaigh mé duit.”
ola don solas, spíosraí don chriosma agus don túis chumhra,
Rinne sé an criosma naofa leis, agus an túis ghlan chumhra, í cumasctha mar a dhéanfadh poitigéir.
an coinnleoir d'ór fíre lena lampaí - na lampaí a bhí le cur ann - agus lena ghréithe go léir; an ola don solas;
an altóir chré-umha lena gráta de chré-umha, a cuaillí agus a gréithe go léir; an t‑umar agus a bhonn;