Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eaxodus 39:37

An Bíobla Naofa 1981

an coinnleoir d'ór fíre lena lampaí - na lampaí a bhí le cur ann - agus lena ghréithe go léir; an ola don solas;

Féach an chaibidil Cóip

9 Tagairtí Cros  

“Déanfaidh tú coinnleoir d'ór fíre, agus ní foláir an coinnleoir, idir bhonn agus chrann, a bheith d'obair bhuailte, agus a chupáin, idir chailís agus bheangáin, d'aon phíosa leis.

“Tabharfaidh tú ordú do chlann Iosrael go dtabharfaidh siad duit ola ológ ghlan fháiscthe don solas i dtreo go mbeidh lampa ann le bheith ar lasadh i gcónaí.

Beidh Árón is a chlann mhac ina fheighil ó nóin go maidin gan stad, i láthair an Tiarna i dTaibearnacal na Teagmhála taobh amuigh den fhial atá os comhair na Fianaise. Beidh sin ina reacht le coimeád ó ghlúin go glúin ag clann Iosrael.”

an bord lena ghréithe go léir agus arán na láithreachta;

an altóir óir, an criosma, an túis chumhra, agus an scáthlán do dhoras na botha;

“Abair le hÁrón: ‘Nuair a dhéanfaidh tú na lampaí a chóiriú, ní foláir do na seacht lampaí a solas a chaitheamh amach os comhair an choinnleora.’ ”

Rinne Árón amhlaidh. Chóirigh sé na lampaí le solas a chaitheamh os comhair an choinnleora mar a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois.

agus go mbeadh sibh chomh feiceálach ina measc le soilse na cruinne




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí