Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eaxodus 39:29

An Bíobla Naofa 1981

agus an crios de línéadach mín cas agus de ábhar gorm agus corcra agus craorag, maisithe le hobair shnáthaide, faoi mar a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois.

Féach an chaibidil Cóip

6 Tagairtí Cros  

agus ábhar gorm agus corcra agus craorag, agus línéadach mín cas, agus fionnadh gabhair,

Déanfaidh tú scáthlán do dhoras an taibearnacail, d'ábhar gorm, corcra, agus craorag, agus de linéadach cas mín, agus gréasadh snáthaide mar mhaise air.

Do gheata na faiche beidh cliath fiche banlámh ar fad, í déanta d'ábhar gorm agus corcra agus craorag, agus de línéadach mín cas agus gréasadh d'obair shnáthaide ann; beidh ceithre pholla lena gceithre ceapa aici.

Déanfaidh tú an t‑ionar a fhí le bróidnéireacht de línéadach mín; déanfaidh tú ceannbheart de línéadach mín agus crios maisithe le hobair shnáthaide.”

agus an cheannbheart de línéadach mín agus na boinéid de líneadach mín, agus na brístí línéadaigh de línéadach mín cas,

Rinneadar mar an gcéanna an lann don choróin naofa, d'ór fíre agus “Naofa don Tiarna” greanta uirthi, faoi mar a dhéanfadh duine ar shéala.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí