Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eaxodus 39:13

An Bíobla Naofa 1981

beiril, oinisc agus seaspar sa cheathrú sraith. Bhíodar go léir luite ar leaba d'fhiolagrán óir.

Féach an chaibidil Cóip

9 Tagairtí Cros  

Is maith é ór na tíre sin, agus tá bdellium ann agus óinix.

Rinne mé soláthar do theach mo Dhé chomh maith agus ab fhéidir; chuir mé breis óir leis an ór, airgead leis an airgead, cré-umha leis an gcré-umha, iarann leis an iarann, adhmad leis an adhmad, agus oinics, agus clocha luite; agus antamón, agus clocha ioldathacha, agus clocha lómhara de gach sórt, agus marmar.

Faoi mar a dhéanann seodóir séala a ghreanadh, sin mar a dhéanfaidh tú an dá chloch a ghreanadh le hainmneacha chlann Iosrael, agus iad a leagan i gcumhdach fiolagráin óir.

Glacfaidh tú chugat dhá chloch oinisce agus déanfaidh tú ainmneacha chlann Iosrael a ghreanadh orthu;

iasaint, agáit, agus aimitis sa tríú sraith;

Bhí ainmneacha chlann Iosrael orthu, agus a dó dhéag a líon de réir líon na n‑ainmneacha. Bhíodar greanta mar a bheadh séalaí, a ainm féin greanta ar gach ceann, ag freagairt don dá threibh déag.

Buinní óir ar a lámha go n‑iliomad flannchloch. A chabhail mar an t‑éabann bán, agus í breac le saifírí.

Maidir le cuma na rothaí agus a ndéanamh bhí a gcuma mar dhrithliú criosailít. Bhí an chuma chéanna ar an gceathrar agus iad déanta mar a bheadh roth amháin i lár rotha eile.

an cúigiú ceann, oinisc; an séú ceann, rúibín; an seachtú ceann, criosailít; an t‑ochtú ceann, beiril; an naoú ceann, tópas; an deichiú ceann, criosafrás; an t‑aonú ceann déag, iasaint; an dara ceann déag, aimitis.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí