Rinne sé árais uile na haltóra: miasa i gcomhair a luaithrigh, agus liacha, agus báisíní, agus gabhla, agus oighinn; de chré-umha a rinne sé soithí uile na haltóra.
na luaithreáin, na sluaistí, na gabhla agus na gréithe go léir a ghabh leo siúd a rinne Húrám Áibí de chré-umha líofa do Sholamh rí, do Theampall an Tiarna.
Rinne sé an mhuir de mhiotal leáite, deich mbanlámh ó chiumhais go ciumhais, déanamh cruinn uirthi agus í cúig bhanlámh ar airde; dorú tríocha banlámh ar fhad a thomhais a himlíne.
Déanfaidh tú miasa le breith ar a luaithreach, agus liacha, agus báisíní, agus gabhla, agus oighinn; de chré-umha a dhéanfaidh tú soithí uile na haltóra.
agus ba chuma leo faoi chearta an tsagairt i leith a phobail. Nuair a d'ofráladh duine íobairt, thagadh giolla an tsagairt agus an fheoil á bruith; bhíodh forc trí bheann ina láimh