Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eaxodus 38:27

An Bíobla Naofa 1981

Caitheadh an céad tallann airgid ag déanamh na gceap don sanctóir agus don fhial; céad ceap as an gcéad tallann, nó tallann an ceap.

Féach an chaibidil Cóip

6 Tagairtí Cros  

déanfaidh tú daichead moirtís airgid le cur faoi na fiche frámaí mar seo: faoin gcéad fhráma dhá mhoirtís ina dtillfeadh a dtionúir, agus faoi gach fráma eile dhá mhoirtís ina dtillfeadh a dtionúir mar an gcéanna;

agus daichead moirtís airgid á gcothú, dhá mhoirtís faoi gach fráma;

Beidh, dá réir sin, ocht bhfráma lena sé mhoirtís déag airgid - dhá mhoirtís faoin gcéad fhráma agus mar sin de.”

Crochfaidh tú é ar cheithre pollaí d'adhmad sitím arna gcumhdach d'ór, le naisc óir agus iad luite i gceithre mhoirtís airgid.

fiche beica an duine (leath seicil is é sin, de réir thomhas seicil an tsanctóra) i gcomhair gach duine a áiriodh sa daonáireamh a bhí fiche bliain agus breis, sé chéad agus a trí mhíle, cúig chéad go leith fear.

Leis an míle seacht gcéad seachtó agus cúig seicil, rinne sé na naisc do na pollaí, an cumhdach dá mullaí agus dá mbataí.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí