Sé an méid airgid a cruinníodh uathu siúd den chomhthionól a áiríodh: céad tallann, agus míle seacht gcéad seachtó cúig seicil de réir seicil an tsanctóra;
“Nuair a dhéanfaidh tú daonaireamh ar chlann Iosrael agus iad a chlárú, íocfaidh gach duine éiric fuascailte ar a shon féin leis an Tiarna chun nach mbeadh aon phlá ina measc nuair a ríomhfaidh tú iad.
Agus airgead seo na héirice, a gheobhaidh tú ó chlann Iosrael, cuirfidh tú é chun tairbhe seirbhíse Bhoth na Teagmhála; agus déanfaidh sé clann Iosrael a chur i gcuimhne don Tiarna, agus beidh sé mar fhuascailt ar bhur n‑anamacha.”
“Déanaigí daonáireamh ar chomhthionól uile chlann Iosrael de réir chlann agus fine athartha, ag cur ainm gach fireannaigh, ceann ar cheann, san áireamh.
“Déan daonáireamh de réir sleachta ar chomhthionól chlann Iosrael go léir - gach fear fiche bliain d'aois agus breis agus é ar a chumas airm a iompar.”