Sé an méid óir a úsáideadh san obair - obair iomlán an tsanctóra - (ór a ofráladh a ba ea é): naoi dtallann fichead, agus seacht gcéad agus a tríocha seicil (de réir thomhas seicil an tsanctóra).
Thángadar idir fhir agus mhná, a raibh sé de chroí acu, agus thugadar dealga agus fáinní agus bráisléid agus toirc agus seoda óir de gach sórt, a ofráil éigin óir á tíolacadh ag gach duine don Tiarna:
“Má dhéanann duine calaois, agus go bpeacaíonn sé le barr neamhaire maidir le cearta naofa an Tiarna, ansin tugadh sé mar íobairt chúitimh don Tiarna reithe gan mháchail ón tréad; déantar luach an reithe a mheas i seicilí airgid de réir thomhas sheicil an tsanctóra. Íobairt chúitimh í seo.