Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eaxodus 38:23

An Bíobla Naofa 1981

Mar pháirtí aige bhí Ohoilíáb mac Aichíosámác de threibh Dhán, ceardaí agus dearthóir agus bróidnéir in ábhar gorm agus corcra agus craorag agus línéadach mín cas.

Féach an chaibidil Cóip

6 Tagairtí Cros  

agus ábhar gorm agus corcra agus craorag, agus línéadach mín cas, agus fionnadh gabhair,

Déanfaidh tú scáthlán do dhoras an taibearnacail, d'ábhar gorm, corcra, agus craorag, agus de linéadach cas mín, agus gréasadh snáthaide mar mhaise air.

Féach! Roghnaigh mé ó ainm Bazalael mac Úirí mac Húr de threibh Iúdá,

Agus seo anois mé ag tabhairt páirtí dó - Ohoilíáb mac Aichíosámác de threibh Dhán; agus gach duine ina bhfuil éirim, chuir mé breis di ann, i dtreo go ndéanfaidís gach ar ordaigh mé duit:

Agus bhronn sé bua teagaisc airsean agus ar Ohoilíáb mac Aichíosámác de threibh Dhán.

“Balzalael agus Ohoilíáb agus gach ceardaí oilte ar ar bhronn an Tiarna an éirim agus an cumas gach a éilíodh chun an sanctóir a thógáil, déanaidís a gcuid oibre go beacht mar a d'ordaigh an Tiarna.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí