Seo cur síos ar na miotail a úsáideadh don taibearnacal - Taibearnacal na Fianaise - cur síos a rinneadh ar ordú Maois, agus a rinneadh ag na Léivítigh faoi threoir Íteámár mac Árón an sagart.
Chuir an rí fios ar Iahóideá a gceannasaí agus dúirt leis: “Cén fáth nár éiligh tú ar na Léivítigh an cháin a leag Maois, searbhónta an Tiarna, ar chomhthionól Iosrael do Bhoth na Fianaise, a thobhach ar Iúdá agus ar Iarúsailéim?
Crochfaidh tú an fial ó na naisc agus ansiúd ar chúl an fhéil cuirfidh tú áirc na Fianaise agus beidh an fial agat mar dheighilt idir an áit naofa agus an áit shárnaofa.
Cuir na Léivítigh i mbun taibearnacal na Fianaise chun aire a thabhairt dá ghréithe agus do gach a mbaineann leis. Déanaidís an taibearnacal agus a ghréithe go léir a iompar, agus fónamh dó, agus a gcampa a chur suas ina thimpeall.
Ach déanadh na Léivítigh a mbothanna a chur suas timpeall taibearnacal na Fianaise, i dtreo nach dtitfidh fraoch na feirge ar chomhthionól uile chlann Iosrael. Bíodh na Léivítigh i bhfeighil thaibearnacal na Fianaise.”
Tagadh do bhráithre de chraobh Léiví, craobh d'athar, in éineacht leat chomh maith; aontaídís leat agus déanaidís fónamh duit, duit féin agus do do chlann mhac, agus tú os comhair Bhoth na Fianaise.
An lá a cuireadh suas an taibearnacal, chlúdaigh an néal an taibearnacal agus both na Fianaise. Ó thráthnona go maidin luigh sé ar an taibearnacal faoi chló tine.
Labhair Peadar: “A Thiarna,” ar seisean le hÍosa, “is maith mar tharla anseo sinn: más maith leat é, déanfaidh mé trí bothanna san áit seo, ceann duit féin, ceann do Mhaois agus ceann d'Éilias.”
“Bhí both an fhoilsithe ag ár sinsir san fhásach. An té úd a bhíodh ag labhairt le Maois, d'ordaigh sé dó í a dhéanamh de réir an phatrúin a bhí feicthe aige.
Tá a fhios againn nuair a leagtar ar lár an bhoth seo ina gcónaímid ar talamh, go bhfuil áitreabh le fáil ó Dhia againn sna flaithis, teach cónaithe síoraí nár tógadh le lámha daoine.
Ach tháinig Críost agus é ina ardsagart a bhféadfaí na maitheasaí uile a bhí [tagtha] a fháil tríd. Ghabh sé trí bhoth a bhí níos mó agus níos foirfe ná an seancheann; mar ní raibh sí lámhdhéanta, is é sin le rá, níor den saol seo í.
Ansin osclaíodh teampall Dé ar neamh, agus bhí radharc ar áirc a chonartha ina theampall agus tharla tintreacha, agus glórtha agus toirneacha, agus crith talún agus a lán clocha sneachta.
Agus chuala mé guth tréan ón ríchathaoir á rá: “Féach, tá áitreabh Dé fara daoine, agus cónóidh sé ina measc, agus beidh siad ina bpobal aige, agus beidh Dia féin faru.