Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eaxodus 38:20

An Bíobla Naofa 1981

Pionnaí uile an taibearnacail, agus na faiche mórthimpeall, ba de chré-umha iad.

Féach an chaibidil Cóip

10 Tagairtí Cros  

Mheáigh na tairní óir caoga seicil. Chumhdaigh sé na seomraí uachtair freisin le hór.

Ach anois, go tobann, tá an Tiarna ár nDia tar éis bheith fabhrach linn; d'fhág sé fuíoll áir againn agus thug sé tearmann dúinn ina áit naofa; sin mar a thug Dia cáil solais dár súile agus cáil faoisimh ónár mbraighdeanas.

Gréithe uile an taibearnacail, is cuma cad is feidhm dóibh, a phionnaí go léir agus pionnaí na faiche, beidh siad de chré-umha.”

Bhí ceithre pholla fúithi; ba de chré-umha a gceapa, d'airgead a naisc agus cumhdach a mullaí agus a mbataí d'airgead.

Seo cur síos ar na miotail a úsáideadh don taibearnacal - Taibearnacal na Fianaise - cur síos a rinneadh ar ordú Maois, agus a rinneadh ag na Léivítigh faoi threoir Íteámár mac Árón an sagart.

Broid is ea briathra na saoithe agus is cosúil le tairní dea-dhaingnithe an díolaim seanráite a thug an t‑aon aoire amháin uaidh.

Cuirim i bhfostú é mar bheadh tairne in áit dhaingean: déanfar cathaoir onóra de i gcomhair theaghlach a athar.

Dearc ar Shíón, cathair ár gcuid féilte, luíodh do shúile ar Iarúsailéim, í ina háitreabh daingean, ina both nach dual di aistriú, nach stoithfear a cuaillí, nach mbrisfear a cordaí choíche.

Agus níl aon cheangal idir é agus an ceann a thugann cothú don chorp ar fad agus a shnaidhmeann le chéile é lena chuid alt agus ballnasc agus a chuireann ag fas é mar is áil le Dia.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí