Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eaxodus 38:18

An Bíobla Naofa 1981

Bhí an chliath do gheata na faiche gréasta d'obair shnáthaide d'ábhar gorm agus corcra agus craorag agus de líneadach mín cas; bhí sé fiche banlámh ar fad, agus, ar feadh a leithe, bhí sí cúig bhanlámh ar airde, ar aon dul le brait na faiche.

Féach an chaibidil Cóip

5 Tagairtí Cros  

Rinne sé an fial d'éadach corcra, craorag, dearg, agus de líon mín. Ghrean sé ceiribíní air.

“Déanfaidh tú an taibearnacal féin de dheich mbrat de línéadach cas mín, agus d'ábhar gorm agus corcra agus craorag, agus ceiribíní fuaite le barr slachta ar an ábhar á dhéanamh.

Déanfaidh tú scáthlán do dhoras an taibearnacail, d'ábhar gorm, corcra, agus craorag, agus de linéadach cas mín, agus gréasadh snáthaide mar mhaise air.

Ba de chré-umha ceapa na bpollaí ach ba d'airgead a naisc agus mbataí, mar aon le cumhdach a mullaí. Ba d'airgead bataí uile pollaí na faiche.

Bhí ceithre pholla fúithi; ba de chré-umha a gceapa, d'airgead a naisc agus cumhdach a mullaí agus a mbataí d'airgead.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí