Rinne sé dhá fháinne óir di, faoin múnláil ar dhá thaobh ar aghaidh a chéile; leosan is ea a ghreamaítí na cuaillí lena n‑iompraití í.
Ní foláir na fáinní a bheith i gcóngar na dteanntóg d'fhonn na cuaillí a choimeád chun an bord a iompar.
Rinne sé í a chumhdach d'ór fíre - a barr, a cliatháin timpeall agus a beanna, agus í a mhaisiú le múnláil óir mórthimpeall uirthi.
Rinne sé na cuaillí d'adhmad sitím; agus chumhdaigh sé iad le hór.