Chaith sé tallann d'ór fíre leis an gcoinnleoir agus lena ghréithe a dhéanamh.
Rinne sé a sheacht lampaí ansin, a smóladáin agus a shileadáin d'ór fíre.
Rinne sé altóir na túise d'adhmad sitím. Bhí sí banlámh ar fad, banlámh ar leithead; comhfad comhleithead is é sin, agus dhá bhanláimh ar airde; bhí a beanna d'aon phíosa léi.