Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eaxodus 37:23

An Bíobla Naofa 1981

Rinne sé a sheacht lampaí ansin, a smóladáin agus a shileadáin d'ór fíre.

Féach an chaibidil Cóip

11 Tagairtí Cros  

Ansin ní foláir duit lampaí a dhéanamh dó, seacht gcinn díobh, agus iad a chur i dtreo go gcaithfidh siad a solas uathu amach os a chomhair.

Caithfidh na smóladáin agus na sileadáin a bheith d'ór fíre.

Bhí na cailísí agus na géaga d'aon phíosa leis an gcoinnleoir, agus an t‑iomlán ina aon phíosa de obair bhuailte óir fíre.

Chaith sé tallann d'ór fíre leis an gcoinnleoir agus lena ghréithe a dhéanamh.

“Cad é a fheiceann tú?” ar seisean liom. “Is é rud a fheicim,” arsa mise, “ná crann solais agus é déanta go hiomlán d'ór agus babhla ar a bharr. Tá seacht lampa air agus seacht ngob ar gach ceann díobh.

“Abair le hÁrón: ‘Nuair a dhéanfaidh tú na lampaí a chóiriú, ní foláir do na seacht lampaí a solas a chaitheamh amach os comhair an choinnleora.’ ”

D'iompaigh mé timpeall féachaint cén glor a labhair liom, agus, ar iompú dom, chonaic mé seacht gcoinnleoirí óir,

Maidir le rúndiamhair na seacht réalta a chonaic tú ar mo dheasláimh, agus na seacht gcoinnleoirí óir, is iad na seacht réalta aingil na seacht n‑eaglaisí, agus is iad na seacht gcoinnleoirí na seacht n‑eaglaisí.

Gabhann amach ón ríchathaoir splancacha tintrí, glórtha agus toirneacha; bíonn seacht lóchrann tine ar lasadh os comhair na ríchathaoireach, agus is iadsan seacht spiorad Dé.

Ach dúirt duine de na seanóirí liom: “Ná bí ag gol. Féach! bhí an bua ag an leon de threibh Iúdá, fréamh Dháiví, i dtreo go n‑osclóidh sé an scrolla agus a sheacht séala.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí