Rinne sé an coinnleoir chomh maith d'ór fíre; bhí an coinnleoir idir bhonn agus chrann d'obair bhuailte, agus a chupáin idir chailís agus bheangáin d'aon phíosa leis.
Bhí trí cupáin ar an gcead ghéag ar dhéanamh dhuilliúr na halmóinne, gach ceann lena chailís agus lena bheangáin; bhí trí cupáin chomh maith ar an dara géag ar dhéanamh dhuilliúr na halmóinne, gach ceann lena chailís agus lena bheangáin; mar an gcéanna leis na sé géaga amach as an gcoinnleoir.