Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eaxodus 37:17

An Bíobla Naofa 1981

Rinne sé an coinnleoir chomh maith d'ór fíre; bhí an coinnleoir idir bhonn agus chrann d'obair bhuailte, agus a chupáin idir chailís agus bheangáin d'aon phíosa leis.

Féach an chaibidil Cóip

17 Tagairtí Cros  

don mheáchan óir do na coinnleoirí óir agus dá lóchrainn, don mheáchan óir do gach coinnleoir agus dá lóchrainn, don mheáchan airgid don choinnleoir airgid agus dá lóchrainn, de réir mar ba ghá do gach coinnleoir sa tseirbhís,

Déanann siad íobairt uileloiscthe a ofráil don Tiarna ár nDia gach maidin agus tráthnóna, le túis na spíosraí cumhra; leagann siad amach arán na láithreachta ar an mbord naofa, agus déanann siad cúram den choinnleoir óir le go mbeadh a lóchrann ar lasadh gach tráthnóna. Óir déanaimidne liotúirge an Tiarna ár nDia a chomhlíonadh, ach thréig sibhse é.

an bord agus a ghréithe, an coinnleoir glan lena ghréithe uile, altóir na túise,

Rinne sé na gréithe don bhord d'ór fíre - miasa, umair thúise, cuacha, agus crúscaí ofrála dí.

Bhí sé ghéag amach as a chliatháin, trí ghéag den choinnleoir as taobh de agus trí ghéag as taobh eile.

Coimeádadh Árón na soilse i gcóir ar an gcoinnleoir d'ór glan i láthair an Tiarna i gcónaí.

Labhair mé leis arís, á rá: “Cad é an chiall atá leis an dá chrann ológ seo a bhfuil ceann díobh ar dheis an chrainn solais agus an ceann eile ar a chlé.”

“Cad é a fheiceann tú?” ar seisean liom. “Is é rud a fheicim,” arsa mise, “ná crann solais agus é déanta go hiomlán d'ór agus babhla ar a bharr. Tá seacht lampa air agus seacht ngob ar gach ceann díobh.

Ba d'ór buailte an coinnleoir, idir chrann agus bheangáin - ba d'ór buailte iadsan chomh maith. Rinneadh an coinnleoir de réir an phatrúin a thaispeáin an Tiarna do Mhaois.

Ná ní lastar lampa chun é a chur faoi bhéal na peice, ach in airde ar an gcrann solais mar a dtugann sé solas dá mbíonn sa teach.

agus go mbeadh sibh chomh feiceálach ina measc le soilse na cruinne

Is amhlaidh a cuireadh both suas, an chéad chuid den sanctóir. Istigh inti bhí an coinnleoir agus an bord agus builíní na fianaise. Tugtar an Áit Naofa ar an áit sin.

D'iompaigh mé timpeall féachaint cén glor a labhair liom, agus, ar iompú dom, chonaic mé seacht gcoinnleoirí óir,




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí